An Reilig Cill-ar-aorthann
Barnaderg Boys Schools Folklore Collection
Dúchas.ie 1937 Schools Folklore collection
Tá dhá reilig sa paróiste
Tá dhá reilig sa paróiste, Cill-ar-Aorthann atá mar ainm ar an ceann fé leith seo. Tá sé leath-thaobh (?) na Cille, ag an taoibh thoir dí. Tá sé cearnógach. Tá fothrach Cille i gceart lár dí – acht ní feidir aon duine atá beo a radh agus ní feidir aon tuairisg le faghail cé thoghadh í.
Tá an reilig fanaidh. Gabhann an fanaidh thoir. Tá cuig is fichidh sean tuambaí ann. Tá cúma ceána ar gach ceann acu. Tá siad go leir clúduighthe le cloc mór cearnógach, agus tá ainmneacha na (?) sgriobhtha ar an gcloc seo. Tá cuid acu suas le dhá céad bliain.
Cloc Órnáideach
San reilig seo tá cloc fé leith ag ceann uaige. Tá an cloc seo ceithre-orlaigh deag ar fhaid, agus dhá orlaigh i leitheadh.
Tá cat le dhá ruball geárrtha amac as an gcloic seo, agus tá sceál faoi den sgríobhta le ceann de na buacaillí san leathanach eile de’n leabhar seo.
Chuala mé sgéal ina thaoibh. Bhí triúr ag taistil na tíre uair. Cuireadar futha i dtig ar bun Ardán na Cille. Bhí ceann acu marbh ar maidin
la ar na mbarach. D’imthigh an beirt eile. Sul ar éirig fear an tighe. Is amhlaidh a tháinig naire orra agus tháinigeadar ar ais arís. agus chuir siad é san áit ina b’fuil an reiligh anois. Cuirtear muintear na paróiste san áit ó shoin amach.
Reilig Craoibheach Bán
Tá reilig eile tuairim is dá míle ón reilig luaidthe thuas. Tugtar Craoibhreach bán mar ainm ar an reilig seo. Bíonn tuars naomhtha go dtí an reilig seo. Tá fortach cille i lár na reilige seo.
Tháinig na Manaigh go dtí an áit seo ó Cluain-fuis nuair a bhí an monastear seo dúnta i m’aimesear an dermadh Enrí. Só Naomh Norber patrún na cille seo. Tá tuambha mór ansin istigh sa chill i gcuimhne fir d’arbh ainm Búrca as Cluain. Tá dealbh an fhir seo clós na n-ard cille, Tuaim freisin. Tá Tobar naomhtha ann freisin, deirtear go raibh an tobar i dtaobh eile d’en reilig ar dtús
Agus nuair a bhí saighdiúrai Sasana ag dul nó ag teacht ó Rosai Caisleáin an bharraigh i 1798 thruailligh ceann acu an tobar agus thuit gach a raibh istigh ina colann amach sa robhan agus múchadh é. Bhris an t-uisge aníos ansin san áit ina bhfuil sé anois. Tá teach allais ann freidin agus tá sé chomh maith is a bhí sé nuair a bhí sé tógtha ar dtús. Ní bhíonn mórán curtha sa reilig seo anois ar muintirí ón gomharsanacht timcheall na reilige.
Ni bheirbhigh an t-uisge ón tobar seo deiretear ní úsaideann an t-uisge i gcaoi ar bith na paidreacha nuair a bhíos siad ag déánamh starsiún
No Comments
Add a comment about this page