Barnaderg N.S. Schools Folklore Collection Introduction

Dúchas.ie 1937 Schools Folklore collection

Chilliaraorthann

Paroíste beag is eadh Chilliaraorthann. Sí an céad paróiste do Tuaim, ag an taoibh thoir. Paroíste aon capall amhain is eadh í.

Aorthann

Aorthann – Aít in a bhfuil talamh saidbhir. Is fhusa a thuisgint go cé an fath a tugadh an t-ainm sin ar an bparoíste nuair mionsgrudaruid na h-ainmneacha eile san bparóiste. Is léir duinn go dtugadh na h-ainmneacha seo mar gheall ar an saghas talmhan a bhí le fághail sna bailte fearrainne seo.

Áit-Ainmneacha

Nuair a bhíos an talamh saotruighthe(?) ar dtus bíonn dath dearg ar an gcre, agus na fiadáile a fhasas bhíonn siad dearg go ghnath freisin. Is mar seo le na h-áitheanna eile thar thimcheall na Cille. Is feidir an rud seo a fheiceál go soiléár ó leathanach ar aghaidh seo, agus ní gadh dom mórán a radh faoi shin.

Tá ainmneacha eile ann achu:-

U’ Máin – no Ui Maine no Hy-Maíne

Ní’l an t-ainm sin le fhagháil i n-áit eile i nGaillimh. Taisbeánann seo dúinn go raibh an dúithche seo ar an préamh ceanntar de mhuintir Uí Cheallaig, agus an sean-chaisleán an caisleán is tabhaachtaighe a bhí i na Maíne.

Tógad an caisleán seo i 12

Sean Caisleán

42. Meacleachlainn O Ceallaigh a bhí mar taoiseach annsin. Phós sé Finuala gar-inghean do Cathal-Craoibh-Dhearg. Tá an beirt curtha i Mainistear Cnuich-Magh agus tá túm i gcuimhne dóibh san roilig sín.

CLUAIN-RIDDIA:-

Is ionann Riddia agus meirg-Iarasun (?) sé sin le radh – The Wood of the Masses of Sheep-Iron – bhí Coill annsin – bhí iarann annsin – tugadh Caor-Iarann ar a rud a glaodthar – Pig-iron anois.

CLUAIN-LUISE

Cluain í seo in a mbíonn géana fiadhaíne le fagháil go fluirseach san nGeimhreadh. Sí luise- feár a itheas geána.

DOIRE-BÁN

Tá cíall an focail sin soileír. Tá an thuaith seo i sealbh ag Monastir Cnuich (?) Maigh, agus is dóca go tugadh na manaigh a bhí annsin na t-ainmeacha do na láeteanna seo díreach is a bheireas filméar ainmneáca fé leith do na páirceanna sa bhfeilm.

Is cinnte go raibh eolas cruinn acu ar an saghas talaimh a bhí i ngach roinn sa duithche ar gach rudh ar drómclá fé dromchla (?) na talaimh . Tá ainmneacha eile ann acht ní’l aon deachracht ionnta:-

Cool-Dorhcha
Lios-Leath-Bhealaigh
Coolriabhach
Lios na mBearróra
sl. Lios-na-Míonnaún (?)

(Thainig an sliocht seo Deanes ó Yorkshire agus cuireadar muilinn olna ar bun i gCaisleán Moile. Dhá míle ó’n baile beag seo.

Tá sgéal eile faoi ceann de’n slioct – a tharla céad bliain tar eí an bronntanas seo)

Tá corn-chumaoineach i n-usáid san Eaglais anois. Do bhronn an cailís seo do’n sagart na paroíste seo san mbliadhain 1731. Tá an cailís seo go h-an aluinn agus an obair atá ann, tá sé i bhfad níos fearr agus níos deise na an obair atá ar an gcailís eile atá san seipéal.

Tá an (?)-sgribhneoíreacht scríobhta i mbéarla mar leanas:-

(Illustration) see attached p. 117.

Presentation of chalice to parish of Killererin

“Pray for the Souls of Robert Deane and Mary Kirwan who presented this chalice to me for use of the Parish of Killereran Nov 1st 1731”

Is feidir le feiceál ó’n fiór-sgríbhneoireacht seo go litrigheadh ainm na paroíste seo “KillererAn” agus os seo is leír go bfuil Cill-ar-Aorthan” fréamh an t-ainm.

Tá sé déánta as airgead, agus ta sí an-trom. Tá sé dhá oiread níos truime na an cailís eile atá ann.

This page was added on 15/01/2023.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.