Lá Féile Brighde (St. Brigid's day)

Dúchas.ie 1937 Schools Folklore collection - Barnaderg NS (Boys)

Flaithrí Ó Súilleabháin (Florrie O'Sullivan) - teacher

Lá Féile Brighde
www.duchas.ie
Lá Féile Brighde continued
www.duchas.ie

 

Ce nach mbíonn feásta i ngac teac an oidhche thuas bíonn na nosanna eile ar siubhal sa ceanntar seo, agus nosanna eile nach dtainig anuas ó glúin go glúin. Ní deanann siad dearmad crosóg Brígde a dheanann ar an oidhche seo ach ní deanann siad an crosóg mar a rinne Bríghid í. Deanann cuid dhóibh i gceart í agus u,sháideann na daoine seo luachmhar direach is a rinne Brighid sa ceád uair mar a deirtear.

Cuireann brat ar cáilín de muintear an tighe seo i Brighidh. Teigheann an cailin seo amac agus teigheann síad istheach beart- luacra:- Cnaghann sí ar an doras agus deireann sí “Teighighid a bhur nglunaibh agus abraigidh bhur bpaidreaca agus leigigidh Bríghid Naomhtha isteach.” Freagrann an liontighe istigh “Tar isteach a Bríghidh Naomtha” Tagann Bríghid isteach annsin agus sí beart luacra leí. Cuireann sí an beart ag ceann an bhuird agus caitheann an liontighe a mbaile annsin. Nuair a bhíos sé caithte deanann gac ceann de muintir an tighe crosóg agus deireann siad an paidir seo:-

“Go mbeannuighidh Dia an t-Atair an Mac, agus an Spiorad Naomh an crosog seo. an áit in a bhfuil sí agus na daoine a fheicfeas uirrí”

Crocann siad crosóg os cionn gach doras agus i ngac cró sa clós na feilme agus bhéidh gac rud faoi comairce Bríghdhe i rith na bliana. Ní déanann an cuid is mó annseo an trioblóid sin. Deanann siad crosóg ás cipíní agus tuighe agus crocann siad san aíteann ceadhna i dtigh agus i gcabaín. Teigheann na buacaillí óga mar geamairí o theac go teac ag bailuighhadh airgid, acht tá faithchíos orm nac i nduil Brighdhe na nós na feile acht i nduil an airgidh.

(ag leanuinth)

This page was added on 15/01/2023.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.